Grianghrafadóireacht Dhigiteach

Breithnigh oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha Ghleann Cholm Cille duit féin, do cheamara digiteach ar iompar agat agus tú faoi stiúradh múinteora ag a bhfuil saineolas grianghrafadóireachta. Bain úsáid as do ríomhaire féin nó as ceann a chuirfear ar fáil le scileanna sárfheabhsaithe grianghraif a fhoghlaim.

Tá an cúrsa seo á thairiscint dóibh siúd ar mhaith leo cleachtadh a fháil ar chaitheamh aimsire na grianghrafadóireachta. Is amuigh faoin aer a bheas an cúrsa ar siúl agus na rannpháirtithe ag déanamh staidéir ar an timpeallacht agus ag aimsiú deiseanna le grianghraif tharraingteacha a ghlacadh. Cuirfear suas taispeántas ag deireadh an chúrsa.

Beidh ceardlann gach maidin ag léiriú na húsáidí is féidir a bhaint as do cheamara agus rachaidh an grúpa amach faoin spéir san iarnóin. Cuirfear treoir ar fáil i dtaca leis na slite is fearr le do ghrianghraif a athrú agus a fheabhsú ar an ríomhaire agus iad a chur in albaim agus a fhoilsiú. Beidh gach duine le chéile san oíche i gcuideachta rannpháirtithe ó na cúrsaí eile don chraic agus don cheol.