Saibhreas na Gaeilge (Toraigh)

This unique course is directed at fluent Irish speakers who want to enrich their spoken Irish.

CALENDAR
Title Location Price
Saturday, 1 July 2017 — Friday, 7 July 2017
Saibhreas na Gaeilge (Toraigh) Toraigh €200 Book now

The 2017 course will again take place on Oileán Thoraí (Tory Island).

Cén cineál cúrsa é?

Beidh an cúrsa ag díriú ar leaganacha cainte, logainmneacha, seanchas Dhún na nGall agus oidhreacht na litríochta. Beidh teorainn 25 duine le líon na rannpháirtithe agus tabharfar tús áite dóibh siúd a bhí ar chúrsa de chuid Oideas Gael cheana féin sula nglacfar le hiarrataisí eile.

Clár ama

Dé SathairnBád go Toraigh agus lóistín a shocrú (4pm)
Fáiltiú ó Rí Thoraí, Peatsaí Dan Mac Ruairí
Seisiún Ceoil

Dé DomhnaighSiúlóid threoraithe thart ar an Oileán (3-5pm)

Dé Luain - Dé hAoineRanganna Gaeilge ar dhá leibhéal (10am-1pm)
Balor & Scéalaíocht na Miotaseolaíochta; Logainmneacha an cheantair; Scéalaíocht & Seanchas; Cuairteoirí cáiliúla ar Thoraigh; Naomh Colm Cille (3-5pm)
Amhránaíocht an Oileáin; Seanchas na Mara; Litríocht Thoraí agus Chloch Cheann Fhaola; Damhsa (9pm - ach amháin Dé hAoine)

Dé hAoineSlán le Toraigh (4pm)

Lóistín & Taisteal

Tá lascaine socraithe don bhád farantóireachta a bheas ag dul isteach ó Ché Mhachaire Rabhartaigh go Toraigh ar 4pm, Dé Sathairn 4 Iúil (€15 ar thicéad fillte).

Socrófar a rogha lóistín do chách roimh ré. Tá Oideas Gael i mbun cúrsaí lóistín a réiteach i láthair na huaire agus cuirfear tuilleadh eolais ar fáil go luath. Meastar go mbeidh costas an lóistín mórán mar a bhíonn i gcás chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Comhairle phraiticiúil

Eagrófar cuid de na himeachtai amuigh faoin aer: ní mór a chinntiú, mar sin, go mbeidh éadach maith báistí, bróga compordacha siúil agus tóirse leat. Tugtar comhairle duit d'árachas taistil féin a bheith agat. Ní ghlacann Oideas Gael freagracht ar bith as sábháilteacht na rannpháirtithe a ghlacann páirt in aon imeachtaí atá eagraithe faoi choimirce Oideas Gael.

Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist ar bith agat faoin chúrsa.