This brand-new course is directed at fluent Irish speakers who wish to improve their knowledge of Irish folklore, particularly those stories and traditions associated with Co. Donegal.
Title | Location | Price | |
Saturday, 28 June 2025 — Saturday, 5 July 2025
|
|||
Béaloideas Thír Chonaill | Gleann Cholm Cille | €240 | Book now |
Is trí mheascán suimiúil de ranganna, siúlóidí agus imeachtaí a chuirfear an cúrsa ar fáil. Gheobhaidh na rannpháirtithe léargas ar ábhar agus ar theanga na scéalta béaloidis, mar aon leis an chomhthéacs inar cumadh agus inar insíodh iad. Cluinfear scéalta á n-aithris go beo le linn na seachtaine.
Ar na hábhair a phléifear sa chúrsa beidh:
Aindriú Mac Giolla Easbuig, múinteoir Gaeilge agus treoraí aitheanta, a bheas ag stiúradh an chúrsa. Duine de bhunadh Ghleann Cholm Cille, a chaith seal ina chónaí ar Oileán Thoraí fosta, tá Aindriú i ndiaidh taighde cuimsitheach a dhéanamh ar bhéaloideas agus ar logainmneacha iardheisceart Dhún na nGall.