Béaloideas Thír Chonaill

Seanchas, scéalaíocht agus béaloideas Thír Chonaill is ábhar don chúrsa nua seo. Bainfidh cainteoirí líofa Gaeilge idir sult agus sásamh as a gcumas teanga a shíneadh agus iad ag dul i ngleic le hoidhreacht ár sinsear faoi stiúir oide oilte. Is fada lucht béaloidis ag triall ar shuíomh an chúrsa seo, Gleann Cholm Cille, ar Theileann agus ar an cheantar máguaird agus is iomaí traidisiún a chleachtaíodh gan bhearna gan bhriseadh sa cheantar agus a mhaireann beo i gcónaí.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 29 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 6 Iúil 2024
Béaloideas Thír Chonaill Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh

Is trí mheascán suimiúil de ranganna, siúlóidí agus imeachtaí a chuirfear an cúrsa ar fáil. Gheobhaidh na rannpháirtithe léargas ar ábhar agus ar theanga na scéalta béaloidis, mar aon leis an chomhthéacs inar cumadh agus inar insíodh iad. Cluinfear scéalta á n-aithris go beo le linn na seachtaine.

Ar na hábhair a phléifear sa chúrsa beidh:

  • Traidisiún scéalaíochta Thír Chonaill
  • Toibreacha beannaithe, creideamh agus naomhsheanchas sa cheantar
  • Féiltí agus turais thábhachtacha
  • Bailitheoirí béaloidis agus obair Choimisiún Béaloideasa Éireann.
  • Logainmneacha pharóiste Ghleann Cholm Cille
  • Saol na ndaoine, ceirdeanna, nósanna agus pisreoga san am a chuaigh thart

Aindriú Mac Giolla Easbuig, múinteoir Gaeilge agus treoraí aitheanta, a bheas ag stiúradh an chúrsa. Duine de bhunadh Gleann Cholm Cille, a chaith seal ina chónaí ar Oileán Thoraí fosta, tá Aindriú i ndiaidh taighde cuimsitheach a dhéanamh ar bhéaloideas agus ar logainmneacha iardheisceart Dhún na nGall.