An Amhránaíocht

Tá saibhreas teanga agus ceoil ag baint le traidisiún amhránaíochta na Gaeilge, traidisiún atá beo bríomhar i gcónaí. Dírithe ar dhaoine atá ag foghlaim na Gaeilge, cuirfidh tú eolas ar amhráin ón traidisiún céanna faoi stiúir amhránaí aitheanta le linn an chúrsa deireadh seachtaine seo.

Breathnófar ar rogha amhrán i rith an chúrsa, agus roinnt a bhaineann le Tír Chonaill agus le Cúige Uladh. Tabharfar míniú ar fhocla na n-amhrán agus déanfar plé ar an chúlra agus an chiall a bhaineann leo. Díreofar ar fhuaimniú ceart na bhfocal agus beidh seans ag gach duine a bheith ag ceol i dtimpeallacht spreagúil phléisiúrtha.

Is minic a fhaightear léargas ar nathanna cainte nó ar chultúr agus stair na hÉireann sna hamhráin. Deis iontach atá anseo cur le do thuiscint ar an teanga agus do stór focal a shaibhriú. Colette Nic Dhaibhéid, amhránaí as an Charraig agus múinteoir Gaeilge le hOideas Gael, a bheidh i bhfeighil ar an chúrsa.

Tugtar do d’aire go bhfuil an cúrsa seo dírithe ar thosaitheoirí agus ar dhaoine a bhfuil meánleibhéal Gaeilge acu. Más cainteoir Gaeilge líofa thú, seans go mbainfeá tairbhe níos fearr as Scoil Samhraidh Teanga & Cultúir Oideas Gael i mí Iúil, áit a mbíonn ceardlanna amhránaíochta ar an tsean-nós gach bliain.