Taisteal go Gleann Cholm Cille

Is féidir teacht go Gleann Cholm Cille go furasta, is cuma más iompar poiblí nó príobháideach atá i gceist.

Iompar Poiblí

Cuireann bealach bus 30 Bhus Éireann seirbhís dhíreach ar fáil idir Baile Átha Cliath-Baile Dhún na nGall roinnt uaireanta sa lá, deiridh seachtaine san áireamh. Is féidir le cuairteoirí idirnáisiúnta dul ar bord an bhus seo ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. I mBaile Dhún na nGall is féidir an tseirbhís bus LocalLink (bealach 293) a fháil go Gleann Cholm Cille. Nascann na seirbhísí seo, sna Cealla Beaga agus i mBaile Dhún na nGall, le seirbhísí éagsúla bus a bhfuil Doire, Béal Feirste, Gaillimh, agus go leor eile, mar cheann scríbe acu. Moltar ticéad a cheannach ar shuíomh gréasáin Bhus Éireann roimh ré. Ní gá (agus ní féidir) ticéad don tseirbhís LocalLink a cheannach roimh ré.

Bus Éireannbuseireann.ie

LocalLink Dún na nGall-Sligeach-Liatroimlocallinkdsl.ie

Feda Ó Dónaillfeda.ie

Ulsterbustranslink.co.uk

Ag Tiomáint

ó Bhaile Átha Cliath4 huaire

ó Ghaillimh4 huaire

ó Bhéal Feirste3 huaire

Aerfoirt sa réigiún

Aerfort Dhún na nGalldonegalairport.ie
70 km (43.5 míle) ar shiúl

Aerfort Chathair Dhoirecityofderryairport.com
130 km (85 míle) ar shiúl

Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirstebelfastairport.com
200 km (130 míle) ar shiúl

Aerfort Chathair Bhéal Feirstebelfastcityairport.com
230 km (145 míle) ar shiúl

Aerfort Iarthar na hÉireann, Cnoc Mhuireirelandwestairport.com
140 km (90 míle) ar shiúl

Ceisteanna? Freagraí!

Cé chomh héasca is atá sé teacht go Gleann Cholm Cille ar an bhus?Tá an t-ádh orainn córas iompair iontach a bheith againn le tú a thabhairt go Gleann. Cuireann Bus Éireann seirbhís laethúil dhíreach ar fáil ó Bhaile Átha Cliath a fhágann Busáras, Sráid an Stórais, i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Cuireann Bus Éireann seirbhís ar fáil ó Ghaillimh go Baile Dhún na nGall fosta. Agus tú i mBusáras, ba chóir duit ticéad fillte go Baile Dhún na nGall a iarraidh. Téann an mhearsheirbhís bus díreach go Baile Dhún na nGall. Uaidh sin, is féidir an tseirbhís bus LocalLink a úsáid chun taisteal go Gleann Cholm Cille, ag fágáil ón stad bus céanna ag Óstán na Mainistreach. Sa chás, trí thimpiste, go gcailleann tú bus agus go sroicheann tú Baile Dhún na nGall go mall, cuir glaoch orainn san oifig ag 074 97 30248.

An bhfuil siúl fada idir an stop bus agus Oideas Gael?Níl, i ndáiríre. Stopann an bus ag barr an tsráidbhaile (in aice le hoifig an phoist, an scoil agus teach tábhairne Bhiddy). Siúlóid 10 nóiméad atá ann as seo go hOideas Gael le taobh an bhóthair. Más ar sheirbhís de chuid Local Link atá tú, is féidir iarraidh ar an tiománaí bus tú a fhágáil ag ionad Oideas Gael. Is minic fosta a bhíonn foireann Oideas Gael ann roimh na busanna agus bailíonn siad rannpháirtithe an chúrsa díreach ansin.

Cad é a tharlóidh sa chás go mbeidh moill orm?Ni bhíonn Oideas Gael ar oscailt i rith na hoíche. Más dóigh leat go mbeidh tú ag teacht i ndiaidh 9pm cuir fios ar an oifig roimh ré ar +353 (0)74 97 30248 sa dóigh a mbeidh muid ábalta a chinntiú go mbeidh duine ann romhat nuair a shroichfidh tú an Gleann.

Cad é faoi thacsaithe?Bíonn tacsaí as Baile Dhún na nGall go Gleann (30 míle) costasach go leor. Ba cheart duit idirbheartú a dhéanamh maidir leis an táille nó fanacht i mB&B go dtí an chéad lá eile. Má tá tú ag teacht isteach go hAerfort Dhún na nGall, cuir fios orainn roimh ré. D'fhéadfadh leis an táille tacsaí a bheith daor go leor agus seans go mbeidh eolas againn maidir le daoine eile ag taisteal go Gleann a roinnfeadh an turas leat. Sa chás go mbíonn grúpa níos mó ag taisteal le chéile beidh sé níos saoire seirbhís a eagrú a rachadh ón Ghleann chun sibh a bhailiú.

Cén dóigh a bhfágaim an Gleann?Cuireann muid daoine ar na cúrsaí a bhíonn ag lorg síob, de ghnáth, in aithne dóibh siúd a bhfuil gluaisteán acu agus iad ag dul sa treo céanna. Is minic go n-éiríonn leis seo i gcás daoine a bhíonn ag dul go Doire, Béal Feirste, Sligeach, Baile Átha Cliath nó Gaillimh. Fágann an bus gach lá fosta.