Cuireann an scéim Saoire Phearsanta Bhreise (nó EPV), faoi stiúir Roinn Oideachais na hÉireann, deis ar fáil do mhúinteoirí scoile a bheith i dteideal laethanta saoire breise i ndiaidh dóibh freastal ar chúrsa aitheanta traenála. Tá formhór chúrsaí Oideas Gael aitheanta chuige seo.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé Sathairn, 13 Lúnasa 2022 — Dé Sathairn, 20 Lúnasa 2022
|
|||
Líofacht Ghaeilge an Mhúinteora sa Scoil LÁN! » | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
► Dé Luain—Dé hAoine amháin (EPV) | €180 | Cláraigh | |
Siúl agus Foghlaim – Imshaol agus Aire na Tuaithe LÁN! » | Gleann Cholm Cille | €210 | Cláraigh |
► Dé Luain—Dé hAoine amháin (EPV) | €160 | Cláraigh |
Dheimhnigh an Roinn Oideachais agus Scileanna go gceadófar Cúrsaí Samhraidh don bhliain 2022 ón Luan 4 Iúil. Dá bhrí sin, cuirfidh Oideas Gael a chuid cúrsaí ar fáil ón dáta sin ar aghaidh.
Tá go leor cúrsaí de chuid Oideas Gael aitheanta ag Roinn Oideachais na hÉireann faoi Riail 58 do thraenáil inseirbhíse agus saoire phearsanta bhreise (ar a dtugtar EPV chomh maith). Bíonn sé soiléir i bhféilire na gcúrsaí i gcónaí cad iad na cúrsaí atá aitheanta chuige seo. Más mian leat cur isteach ar laethanta EPV, déan cinnte go gcláraíonn tú ar chúrsa atá aitheanta! Cuirfidh Oideas Gael teastas tinrimh ar fáil duit ag deireadh do chúrsa.