Ár nOidhreacht faoi Bhláth

An raibh a fhios agat gurb í Airmid, de shliocht na dTuath Dé Danann, a chuir ord agus eagar ar luibheanna leighis uile an domhain? Go dtugtaí cosaint agus meas ar phlandaí faoi leith de réir seanchóras dlí na mBreithiúna? Go raibh a fhios ag mairnéalaigh na hÉireann cérbh iad na luibheanna a d’fhágfadh iad saor ón ghalar carrach, na céadta bliain sular thosaigh cabhlach na Breataine ar thorthaí citris a choinneáil ar bord loinge?

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 17 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024
Ár nOidhreacht faoi Bhláth Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Lusanna agus luibheanna i mbéaloideas na hÉireann

Tá seanchas na luibheanna agus na lus ann go tréan in Éirinn. Ó na tagairtí is luaithe i miotaseolaíocht na Gaeilge go dtí na leigheasanna a thug Biddy Early, agus sna cuntaisí atá i mBailiúchán na Scol, feictear gur baineadh leas as na plandaí ar mhaithe le leigheas a thabhairt, mar chuid den obair tí, mar chosaint i gcoinne an osnádúir, agus ar iliomad bealaí eile.

Cuirfidh muid eolas ar ghnéithe éagsúla den oidhreacht chéanna—mar a léirítear í sna finscéalta, sa litríocht, sna piseoga agus sna cuntaisí eile a tháinig anuas chugainn—sa chúrsa seo.

Is amuigh faoin aer a bheidh formhór imeachtaí an chúrsa ar siúl, le go mbeidh an deis is fearr againn na plandaí a fheiceáil sna gnáthóga dúchasacha atá acu. Ní bheidh na siúlóidí ródheacair ach beidh muid ag siúl ar chineálacha éagsúla talún: ní mór a chinntiú go mbeidh meánleibhéal corpacmhainne mar aon le héadach maith báistí agus bróga compordacha agat. Cuirtear fáilte roimh rannpháirtithe ar gach leibhéal Gaeilge, ón tosaitheoir go dtí an cainteoir líofa.