Ár nOidhreacht i gCloch

Is iomaí scéal atá le hinsint ag tírdhreacha ilghnéitheacha leithinis Shliabh Liag maidir le stair gheolaíoch na hÉireann. Léiríonn na scéalta sin mórán iontaisí amhail le mór-ranna ag bualadh in aghaidh a cheile, sléibhte á dtógáil agus á scriosadh, agus aigéin á n-oscailt agus á ndruideadh arís. Cuirfidh rannpháirtithe an chúrsa seo eolas ar bhunphrionsabail na geolaíochta agus a bhfuil le rá aici i dtaca leis an timpeallacht san aois seo, san am a chuaigh thart, agus san am atá le teacht.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 7 Lúnasa 2021 — Dé Sathairn, 14 Lúnasa 2021
Ár nOidhreacht i gCloch Gleann Cholm Cille €105 Cláraigh

Agus é suite mar a dtagann an Chonair Idirnáisiúnta Apaláiseach i dtír san Eoraip, tá iomrá ar leith ar iardheisceart Thír Chonaill as a chuid muiraillte maorga. Ach tá mórán gnéithe eile sa cheantar a nochtann codanna éagsúla de stair gheolaíoch na tíre. Anseo, tá an gheolaíocht sin i ndiaidh tionchar a imirt ar ghnéithe seandálaíochta ón ré Neoiliteach i leith agus ar iliomad gnáthóg nádúrtha. Ar bhealach áirithe, freagraíonn na cengail chultúrtha atá idir an áit seo agus Albain nó Meiriceá Thuaidh do bhunús geolaíoch atá i bpáirt ag na dúichí céanna.

Beidh sraith cainteanna nó gníomhaíochtaí ar maidin gach lá den chúrsa seo mar aon le siúlóidí treoraithe tráthnóna a léireoidh na téamaí faoi chaibidil. Níl na siúlóidí ródheacair ach teastaíonn meánleibhéal corpacmhainne mar sin féin. Ba cheart do rannpháirtithe bróga siúil agus feisteas fearthainne a thabhairt leo.

Téamaí

  • Aois an Domhain & am geolaíoch
  • Míreanna mearaí an Domhain: teicteonaic plátaí
  • Bunús an Domhain: clocha agus mianraí
  • An t-athrú aeráide thar am: na clocha a léamh
  • Daoine & an Domhan

Is mian le hOideas Gael tacaíocht Shuirbhéireacht Gheolaíochta Éireann i leith fhorbairt an chúsa seo a aithint. Agus an cúrsa seo á sheoladh sa bhliain 2021, tá lascaine 50% ar tháille an chúrsa don bhliain seo amháin.

Tabhair do d’aire gur de réir threoir sláinte Rialtas na hÉireann a dhéanfar cinneadh maidir le cúrsaí a reáchtáil an samhradh seo. Sa chás nach féidir an clár seo a reáchtáil de dheasca shrianta COVID-19 cuirfear rogha ar líne ar fáil mar mhalairt ar an chúrsa ina mbeidh idir ábhar réamhthaifeadta agus ranganna beo ar líne. Déantar an cúrsa a reáchtáil ar bhonn dátheangach ach beidh gnéithe de theagasc an chúrsa ar siúl trí mheán an Bhéarla.

Stiúrthóir an Chúrsa

Léachtóir i Roinn na Domhaneolaíochta na hAigéaneolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í an Dr Sadhbh Baxter. Bhí sí ina stiúrthóir ar an Dioplóma sa Gheolaíocht, agus ar an Dioplóma sa Domhaneolaíocht agus san Aigéaneolaíocht, arna reáchtáil faoi choimirce an Ionaid um Fhoghlaim agus Forbairt Ghairmiúil d’Aosaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá dhá cinn de threoirleabhair gheolaíochta agus roinnt páipéar taighde foilsithe aici.

COVID-19
Is de réir threoir sláinte Rialtas na hÉireann a dhéanfar cinneadh maidir le cúrsaí a reáchtáil an samhradh seo. D’fhéadfadh athruithe áirithe a bheith ar leagan amach na gcúrsaí de thoradh ar an chomhairle sláinte. Amharc ar ár leathanach eolais maidir le COVID-19 agus Clár Samhraidh Oideas Gael 2021.