An Chláirseach

Cláirseoir den scoth atá i mbun an teagaisc ar an chúrsa seo atá dírithe ní amháin ar fheabhsaitheoirí ach a dhéanann cúram de thosaitheoirí chomh maith. Ar ábhar an chúrsa áirítear ranganna ar stair na cláirsí Éireannaí, ceardlanna faoi theicnící seanma, foinn nua a fhoghlaim agus seinm i gcuideachta ceoltóirí eile.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 13 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 20 Iúil 2024
An Chláirseach Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Tá an cúrsa seo dírithe ar fhoghlaimeoirí agus ar fheabhsaitheoirí a bhfuil suim acu bunscileanna cheol an chláirsigh a fhoghlaim ó theagascóir agus múinteoir proifisiúnta. Bainfear úsáid as seisiúin i ngrúpa agus teagasc duine ar dhuine chun na scileanna seo a láidriú agus a dhaingniú. Is é Oisín Morrison an teagascóir agus tá clú ar leith air mar mhúinteoir cláirsigh agus mar cheoltóir é féin.

  • Rachaidh tosaitheoirí i dtaithí ar sheinm na huirlise traidisiúnta Éireannaí seo trí mhodh taitneamhach teagaisc agus foghlama. Tapóidh siad an deis foinn Éireannacha a fhoghlaim agus a chur i láthair i gcuideachta ceoltóirí eile.
  • Cuirfidh feabhsaitheoirí lena dtaisce ceoil agus bainfidh siad sult as bheith ag seinm le cláirseoirí eile agus iad ag cur snasa ar a gcuid teicnící ceoil.

Díreoidh seisiúin eile ar bhunscileanna tionlacain amhrán, agus spléacadh ar stair na huirlise.

Fáil ar Chláirsigh

Cuirfidh Oideas Gael líon teoranta cláirseach ar fáil do rannpháirtithe a fhad is go n-iarrtar seo orainn roimh ré. B’fhéidir go mbeadh táille bheag i gceist leis seo don tseachtain.