Cláir d'Ollscoileanna

Bíonn Oideas Gael ina láthair do chláir speisialta d'ollscoileanna ón Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Bíonn idir chúrsaí gairide deireadh seachtaine nó seachtaine agus chláir fhada thar tréimhse roinnt seachtainí i gceist leis na cláir seo.

Forbraítear ár gcuid clár i gcomhpháirt leis an ollamh cuí agus déantar iad a dhearadh de réir na sainriachtanas acadúil atá acu, ag díriú ar an Ghaeilge, ar chultúr agus sochaí na hÉireann, an pholaitíocht, an cheardaíocht agus ar an chomhshaol.

Is féidir leis an lucht eagraithe a bheith i dteagmháil go díreach leis an Dr Seosamh Watson (Stiúrthóir Cultúrtha) nó le Liam Ó Cuinneagáin (Stiúrthóir Feidhmeannach). Bíonn stiúrthóirí chláir Oideas Gael ar fáil chun taisteal go dtí an ollscoil nó coláiste le bualadh le lucht eagraithe staidéar thar lear, le húdaráis an choláiste agus leis na mic léinn.

Déantar lóistín a shocrú i dtithe féinfhreastail laistigh nó lasmuigh den champas nó i mB&B le teaghlach áitiúil. Bíonn na ceannairí acadúla in ann fanacht i dteachín príobháideach lánfheistithe in aice le campas Oideas Gael. Tá gréasán gan sreang Wi-Fi ar fáil saor in aisce mar aon le háiseanna spóirt agus gleacaíochta sa cheantar. Is féidir cúrsaí iompair ó na haerfoirt éagsúla go Gleann a shocrú go furasta.

Tugann Gleann Cholm Cille, Contae Dhún na nGall, deis do mhic léinn agus don fhoireann araon uathúlacht cheantair tuaithe na hÉireann a bhlaiseadh agus eolas a chur ar thraidisiúin agus ar chultúr an réigiúin gan an stró a bhaineann le timpeallacht uirbeach.

Anuas air seo, tá Oideas Gael i ndiaidh saineolas nach beag a chruinniú i dtaca le sainchúrsaí teanga agus cultúir ar líne a chur ar fáil.

Samplaí

  • Tá caidreamh seanbhunaithe ag Roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Wisconsin ag Milwaukee le hOideas Gael. Tá buíon láidir Gaeilgeoirí i limistéar Milwaukee a bhuí le hiarrachtaí nuálaíocha an Ollaimh John Gleeson; cuireadh tús le 'Seimeastar Cholm Cille' de thairbhe chur chun cinn chultúr na hÉireann ann. Cuirtear deis ar fáil do mhic léinn tréimhse a chaitheamh in Oideas Gael mar aon le dhá sheachtain déag i Roinn an Léinn Éireannaigh ag Ollscoil Uladh. Freastalaíonn mic léinn UWM ar chlár trí seachtaine de chuid Oideas Gael i mí Iúil fosta.
  • Cuireann Coláiste Evergreen, Olympia, Washington clár ceithre seachtaine in Oideas Gael ar fáil gach tríú bliain faoi stiúir an Ollaimh Seán Williams. Bíonn na mic léinn rannpháirteach i réimse leathan gníomhaíochtaí agus iad i mbun na Gaeilge, amhránaíocht ar an sean-nós, rince, scéalaíocht, filíocht le Don Byrne agus Cathal Ó Searcaigh, cniotáil, seandálaíocht agus léann an chultúir.
  • Cuireann Coláiste Hartwick, Oneonta, Nua-Eabhrac clár ar fáil in Oideas Gael gach re bliain faoi stiúir an Dr Reid Golden. Díríonn mic léinn Hartwick ar staidéar sóisialta agus cultúrtha ina bhfuil béim ar theagmháil leis an phobal áitiúil chomh maith leis na ceisteanna níos leithne atá ag dul i bhfeidhm ar cheantair tuaithe na hÉireann. Téann siad i mbun ceardlanna damhsa, bodhráin, amhránaíochta, scéalaíochta agus seandálaíochta fosta. Muintir na háite a bhfuil eolas agus taithí na nglúnta a chuaigh rompu acu a thugann na ceardlanna.

I measc na scoileanna agus na gcoláistí eile a chuaigh i mbun chláir Oideas Gael go dtí seo tá: Ollscoil Oileán Phrionsa Éadbhard, Ceanada; Ollscoil California Theas, CA; Coláiste Lesley, Cambridge, MA; Ollscoil Oirthuaisceart Bhostúin, MA; Coláiste Siena, Albany, NY; Coláiste Millersville, PA; Coláistí sa Ghearmáin (Oldenburg) agus san Iodáil (Ollscoil Bologna); Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath; Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; agus go leor eile.