Foireann

Liam Ó Cuinneagáin, Seosamh Watson
Siobhán Ní Churraighín, Gearóidín Nic Ghongail

Na Stiúrthóirí

Tá iomrá idirnáisiúnta ar an bheirt stiúrthóirí, Liam Ó Cuinneagáin agus an tOllamh Seosamh Watson, de bharr a gcur chuige nuálaíoch maidir le foghlaim teanga.

Liam Ó CuinneagáinChaith Liam breis is fiche bliain ina mhúinteoir agus ina phríomhoide bunscoile i mBaile Átha Cliath agus tá sé i ndiaidh an teanga a mhúineadh ag gach aon leibhéal. Tá iomrá air mar ghníomhaí teanga. Chuir sé críoch le dhá thréimhse, de dheich mbliana san iomlán, mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta, an t-údarás stáit a bhfuil leas chultúr agus geilleagar na Gaeltachta trí chéile mar chúram air, ar na mallaibh.

An tOllamh Seosamh WatsonScoláire iomráiteach Gaeilge, as Béal Feirste ó dhúchas, é Seosamh, agus é ina Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Is cainteoir líofa Gàidhlig é fosta agus tá cur amach iontach aige ar Albain agus ar Albain Nua. Bíonn sé ina ollamh ar cuairt ag go leor ollscoileanna idirnáisiúnta.

Foireann Riaracháin

  • Siobhán Ní Churraighín
  • Gearóidín Nic Ghongail