Cúrsaí Gaeilge Seachtaine agus Deireadh Seachtaine

Rinneadh cúrsaí Oideas Gael a dhearadh go speisialta le freastal ar riachtanais daoine fásta ag gach staid den fhoghlaim, ar a n-áirítear iad siúd a bhfuil roinnt dul chun cinn déanta acu ach iad gann i gcleachtadh. Cuimsíonn gach cúrsa, a mhaireann seachtain de ghnáth, trí leibhéal nó os a chionn: tosaitheoirí, idirmheánach, agus ardchaighdeán.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 30 Márta 2024 — Dé Sathairn, 6 Aibreán 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé hAoine, 3 Bealtaine 2024 — Dé Luain, 6 Bealtaine 2024
Cúrsa Gaeilge Deireadh Seachtaine Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh
Dé Sathairn, 1 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 8 Meitheamh 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 8 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 15 Meitheamh 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 15 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 22 Meitheamh 2024
Cúrsa Gaeilge (Toraigh) LÁN! Toraigh €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 22 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 29 Meitheamh 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 29 Meitheamh 2024 — Dé Sathairn, 6 Iúil 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 6 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 13 Iúil 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 13 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 20 Iúil 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 20 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 27 Iúil 2024
Cúrsa Gaeilge (Gleann Fhinne) Gleann Fhinne €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 27 Iúil 2024 — Dé Sathairn, 3 Lúnasa 2024
Cúrsa Gaeilge (Gleann Fhinne) Gleann Fhinne €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 3 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 10 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 17 Lúnasa 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 17 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé Sathairn, 24 Lúnasa 2024 — Dé Sathairn, 31 Lúnasa 2024
Cúrsa Gaeilge Gleann Cholm Cille €240 Cláraigh
Dé hAoine, 25 Deireadh Fómhair 2024 — Dé Luain, 28 Deireadh Fómhair 2024
Cúrsa Gaeilge Deireadh Seachtaine Gleann Cholm Cille €120 Cláraigh

Sainteagascóirí a chuireann an teagasc ranga ar fáil, ag baint úsáide dóibh as cúrsaí grádaithe, a bhfuil tacaíocht acmhainní físamhairc acu, agus as modhanna eile teagaisc a bhfuil éirithe leo thar na blianta. Is é atá i sceideal an lae ná dianseisiúin teagaisc maidin agus tráthnóna agus aire á díriú ar an teanga labhartha (diomaite d'aonaid ar leith ag an ardleibhéal), sna pointí seo a leanas: fuaimniú cruinn, leaganacha cearta cainte agus méadú ar stór na bhfocal, go háirithe de stór focal shaol ár linne. Is é an aidhm atá leis seo idir chumas comhrá agus líofacht a chothú, agus suas le 35 uair an chloig de theagmháil ar fáil i ngach cúrsa chuige sin. Mar sheisiún deiridh gach oíche eagraítear imeachtaí siamsaíochta a mbíonn deis ina ndiaidh ag lucht na gcúrsaí a gcuid Gaeilge a chleachtadh le daoine ó na leibhéil uilig, agus taitneamh a bhaint san am céanna as an chraic sna tithe tábhairne áitiúla.

Cinntíonn leagan amach sóisialta na gcúrsaí nach fada go mothaíonn daoine atá ag freastal ina n-aonar compordach agus ar a suaimhneas laistigh den ghrúpa. Is é taithí na Stiúrthóirí go dtagann feabhas suntasach ar Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí úd a bhfuil clár dhá sheachtain déanta acu.

Tá na cúrsaí aitheanta ag An Roinn Oideachais agus Scileanna.

Is i nGleann Cholm Cille a bheidh formhór na gcúrsaí Gaeilge ar siúl ach amháin ár gcuid cúrsaí ar Thoraigh 15–22 Meitheamh agus ar an Choimín, Gleann Fhinne, 20–27 Iúil agus 27 Iúil–3 Lúnasa. Léirítear ionad an chúrsa ar an fhéilire.