Seanchas, scéalaíocht agus béaloideas Thír Chonaill is ábhar don chúrsa nua seo. Bainfidh cainteoirí líofa Gaeilge idir sult agus sásamh as a gcumas teanga a shíneadh agus iad ag dul i ngleic le hoidhreacht ár sinsear faoi stiúir oide oilte. Is fada lucht béaloidis ag triall ar shuíomh an chúrsa seo, Gleann Cholm Cille, ar Theileann agus ar an cheantar máguaird agus is iomaí traidisiún a chleachtaíodh gan bhearna gan bhriseadh sa cheantar agus a mhaireann beo i gcónaí.
Aire: Tá clár cúrsaí Oideas Gael 2025 idir lámha. Déanfar leasú agus nuashonrú ar gach leathanach cúrsa as seo go ceann cúpla seachtaine. Má tá dátaí cúrsaí foilsithe ar an leathanach seo, áfach, is deimhin go mbeidh na cúrsaí sin ar siúl.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé Sathairn, 28 Meitheamh 2025 — Dé Sathairn, 5 Iúil 2025
|
|||
Béaloideas Thír Chonaill | Gleann Cholm Cille | €240 | Cláraigh |
Is trí mheascán suimiúil de ranganna, siúlóidí agus imeachtaí a chuirfear an cúrsa ar fáil. Gheobhaidh na rannpháirtithe léargas ar ábhar agus ar theanga na scéalta béaloidis, mar aon leis an chomhthéacs inar cumadh agus inar insíodh iad. Cluinfear scéalta á n-aithris go beo le linn na seachtaine.
Ar na hábhair a phléifear sa chúrsa beidh:
Aindriú Mac Giolla Easbuig, múinteoir Gaeilge agus treoraí aitheanta, a bheas ag stiúradh an chúrsa. Duine de bhunadh Gleann Cholm Cille, a chaith seal ina chónaí ar Oileán Thoraí fosta, tá Aindriú i ndiaidh taighde cuimsitheach a dhéanamh ar bhéaloideas agus ar logainmneacha iardheisceart Dhún na nGall.