‘Ag Cur Eolais ar Cheol na hÉireann’, cúrsa á léiriú tríd an fheadóg agus tríd an fheadóg mhór ag duine de phríomhcheoltóirí traidisiúnta na tíre, ina bhfuil teagasc ar fáil do thosaitheoirí agus d’fheabhsaitheoirí araon. Míneofar sna ceardlanna chomh maith fás agus forbairt an cheoil Ghaelaigh anuas go dtí ár linn féin.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé hAoine, 14 Márta 2025 — Dé Luain, 17 Márta 2025
|
|||
Seinm na Feadóige | Gleann Cholm Cille | €120 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 19 Iúil 2025 — Dé Sathairn, 26 Iúil 2025
|
|||
Seinm na Feadóige | Gleann Cholm Cille | €210 | Cláraigh |
Dé hAoine, 24 Deireadh Fómhair 2025 — Dé Luain, 27 Deireadh Fómhair 2025
|
|||
Seinm na Feadóige | Gleann Cholm Cille | €120 | Cláraigh |
Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd ar mian leo eolas a chur ar ghnéithe éagsúla de cheol na hÉireann. Tháinig forbairt ar an traidisiún ceoil, amhránaíochta agus rince seo leis na céadta bliain de réir mar a chuaigh athruithe i bhfeidhm ar shaol agus ar nósmhaireachtaí mhuintir na hÉireann. Tá an t-ádh ar ár gcuid ceoltóirí go bhfuil taipéis shaibhir chultúrtha ceoil, damhsa agus béaloidis acu a thugann bonn do cheol traidisiúnta na linne seo.
Tá sé mar aidhm ag an chúrsa, faoi stiúir an cheoltóra aitheanta Éireannaigh Claire McGrattan, díriú ar na gnéithe seo a leanas de cheol na hÉireann:
Bunchúrsa é seo maidir le foinsí cheol na hÉireann agus ní gá go mbeadh réamheolas nó cleachtadh ag an lucht páirte.