Timpeall ar thírdhreach éagsamhalta an chósta i Leithinis Shliabh Liag atá na cúrsaí seo suite agus tugtar cúram iontu do thosaitheoirí agus d’fheabhsaitheoirí araon. Ealaíontóirí gairmiúla Éireannacha atá á stiúradh agus á dteagasc.
Teideal | Suíomh | Praghas | |
Dé Sathairn, 5 Iúil 2025 — Dé Sathairn, 12 Iúil 2025
|
|||
Péintéireacht agus Sceitseáil | Gleann Cholm Cille | €210 | Cláraigh |
Dé Sathairn, 9 Lúnasa 2025 — Dé Sathairn, 16 Lúnasa 2025
|
|||
Péintéireacht agus Sceitseáil | Gleann Cholm Cille | €210 | Cláraigh |
Á stiúradh ag na healaíontóirí gairmiúla Micheál Ó Dochartaigh, Conal Mac a’ tSaoir agus Ana Stromberg.
I gcroílár leithinis Sliabh Liag i sliabhraon iardheisceart Dhún na nGall atá an Scoil Shamhraidh seo ar bun. Is iad tírdhreach agus imeallbhord cósta an limistéir is suíomh do na cúrsaí péintéireachta seo atá á dtairiscint do thosaitheoirí agus don dream a bhfuil feabhas uathu araon.
Clár laethúil solúbtha a bheidh ann agus dearbhaítear aire agus treoir phearsanta an aoi-theagascóra shárchumasaigh. Dhá sheisiún a bheidh ann gach lá de ghnáth, cuid acu i moch an lae, b’fhéidir, le breith ar éagsúlacht solais.
Ní gá do lucht an chúrsa ach ábhair a thabhairt leo le haghaidh an mheáin is fearr leo, cuir i gcás aicrilic, guais nó olaí; teastaíonn leabhar sceitseála chomh maith mar aon le rogha dhá nó trí cinn de scuaba. Moltar, lena chois sin, scian athchaite a thabhairt leat ar mhaithe le dathanna a mheascadh. Cuirfear ábhair áirithe eile a mbeidh gá leo ar fáil ar láthair an chúrsa.
Is ealaíontóir é Micheál Ó Dochartaigh a bhíonn ag plé le réimse leathan meán: ola, aicrílic, crián, uisce-dhathú, grianghrafadóireacht, scannánaíocht, dúch agus peann luaidhe ina measc. Roghnaíodh a shaothar do thaispeántas bliantúil Acadamh Ríoga Uladh (Béal Feirste), don taispeántas ‘Ciall’ (Dún na nGall), don Trinity Buoy Wharf Drawing Prize (Londain), agus mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Scannánaíochta Syracuse (Nua-Eabhrac). Bhí sé páirteach sa chlár ealaíon Imeall ar TG4 agus sa scannán ‘Drawing on Life’, agus cuireadh a shaothar i gcló i leabhar sceitseála san fhoilseachán ‘Notations’. Tá roinnt dialann taistil mhaisithe foilsithe aige fosta.
Tá Conal Mac a’ tSaoir ina phéintéir agus ina mhúinteoir ealaíne a bhfuil taithí aige ar a bheith ag obair le go leor meán éagsúil. Rinne sé staidéar ar an ealaín i Luimneach agus i Londain. Chaith sé tréimhse sa mheánoirthear sular phill sé le socrú ina cheantar dúchais. Tá sé ina chomhordaitheoir ar scéim ealaíne pobail agus bíonn sé ag teagasc go rialta. Tá a chuid ealaíne le fáil i mbailiúcháin phríobháideacha in Éirinn agus ar fud an domhain. Is ball é de Chumann Ealaíontóirí na hÉireann.
Ealaíontóir comhaimseartha í Ana Stromberg, atá ina cónaí agus i mbun oibre i nGleann Cholm Cille. Cé go n-úsáideann sí teicnící traidisiúnta le hola agus uiscedhathanna is beag rud traidisiúnta a bhaineann leis na saothair ealaíne dá cuid. Cumasc den réaltacht agus den iontas atá ina cuid pictiúirí, dearcadh sainiúil dá cuid féin. Rugadh Ana in Gothenburg na Sualainne agus rinne sí staidéar ar an ealaín ag Konstindustriskolan (Scoil Thionsclaíoch na hEalaíne) 1969-70, agus ag Acadamh Saor-Ealaíne Hovedskou idir 1970-76 agus 1985-88. In Gallery Impulse, Gothenburg, a bhí an chéad taispeántas aonair dá cuid sa bhliain 1988. In Éirinn, bhí sí rannpháirteach in iliomad taispeántas grúpa mar aon le ceithre thaispeántas aonair.