Teanga, Litríocht, Ealaín, Amharclannaíocht: Tír Chonaill á Samhlú ag Peadar O’Donnell, AE (George Russell) & Brian Friel

Oideas Gael is suíomh don Scoil Samhraidh úrnua seo a fhiosróidh an léiriú saibhir ilghnéitheach a rinneadh ar Thír Chonaill ar fud na n-ealaíon sa 20ú haois.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 7 Meitheamh 2025 — Dé Sathairn, 14 Meitheamh 2025
Teanga, Litríocht, Ealaín, Amharclannaíocht: Tír Chonaill á Samhlú Gleann Cholm Cille €210 Cláraigh

Déanfaidh an cúrsa seachtaine seo scagadh ar bhuaicphointí as úrscéal iomráiteach Peadar O’Donnell, Islanders (1928); breithneofar ealaín mhisteach agus rogha sleachta as filíocht AE (George Russell) ón tréimhse 1904–1934; agus pléifear radharcanna faoi leith as trí cinn de dhrámaí de chuid Brian Friel, drámaí atá suite i nDún na nGall agus atá go mór faoi anáil na staire, mar atá, The Enemy Within (1962), Translations (1980), agus Dancing at Lughnasa (1990).

  • Poblachtánach, polaiteoir sóisialach, scríbhneoir agus smaointeoir radachach ab ea Peadar O’Donnell (1893–1986), cainteoir dúchais Gaeilge a rugadh in iarthar Thír Chonaill. Shocraigh sé scríobh i mBéarla ach is spéisiúil gur chuir scríbhneoir Conallach eile mór le rá, Seosamh Mac Grianna, tiontú Gaeilge ar dhá shaothar dá chuid, mar atá, Islanders (Muintir an Oileáin) agus Adrigoole (Eadarbhaile).
  • Smaointeoir polaitiúil, eacnamaí, leasaitheoir tuaithe, foilsitheoir, eagarthóir, file, ealaíontóir, agus fear físe a bhí i George Russell (1867–1935), nó AE mar a tugadh air. Is beag duine eile lena linn a d’imir tionchar chomh leathan céanna ar an tsaol phoiblí. Thugadh AE cuairt ar Dhún na nGall gach bliain ar feadh 30 bliain d’fhonn péintéireacht a dhéanamh agus ba chara leis Kingsley Porter, ar leis Caisleán Ghleann Bheatha.
  • Sa lá atá inniu ann, is é an drámadóir Brian Friel (1929-2015) an duine is mó cáil as an triúr a bheidh faoi chaibidil sa chúrsa seo. Thar tréimhse 60 bliain agus é i mbun scríbhneoireachta, chuaigh Friel i ngleic leis an ghaol ghabhlánach idir náisiúntacht, stair, teanga agus insint. Bhí tionchar nach beag ag an tógáil a fuair sé, faoin tuath i dtuaisceart na hÉireann, ar a shaothar agus is ar an Bhaile Bheag (‘Ballybeg’), baile ficseanúil i nDún na nGall, atá breis agus dosaen drámaí dá chuid suite.

Tabharfar an cúrsa trí mheán plé i ngrúpaí, léitheoireacht faoi stiúir, agus gníomhaíochtaí machnamhacha. Seolfar sleachta ó na téacsanna a bheidh á bplé chuig na rannpháirtithe (go leictreonach) roimh ré. Fágann an clar bríomhar imeachtaí ar a n-áirítear turais allamuigh, aoi-chainteoirí, agus imeachtaí oíche, mar aon le cur chuige sóisialta na gcúrsaí in Oideas Gael, go mbeidh seachtain thairbheach thaitneamhach ann do dhuine ar bith a bhfuil dúil acu i gcultúr na hÉireann.

Stiúrthóirí an Chúrsa

An Dr Patrick O’Donnell: As Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, is Ollamh le Béarla é an Dr Patrick O’Donnell in Normandale Community College, Minneapolis, MN, SAM. Bhain sé céim B.A., máistreacht sa litríocht Angla-Éireannach, agus Ph.D amach sa Choláiste Ollcoile, Baile Átha Cliath. Is é Patrick Stiúrthóir Oideachais Celtic Junction Arts Center, príomhionad chultúr na hÉireann in Minnesota, agus is scríbhneoir ar Léann na hÉireann, eagarthóir, staraí liteartha, agus scoláire é fosta a chuireann an tréimhseachán ar líne Celtic Junction Arts Review in eagar. Is foilseachán é seo a dhíríonn ar na ceangail chultúrtha idir Minnesota agus Éirinn (ar nós seal a chaith Brian Friel in Amharclann Guthrie in Minneapolis sa bhliain 1963). Bunaitheoir agus comhstiúrthóir ar Sheachtain na nEalaíon Éireannach, imeacht bliantúil in St Paul, MN, atá ann. Bhí sé ina Chomh-Chathaoirleach ar Fhéile AE a cuireadh ar bun ar an Lorgain agus in Ard Mhacha agus ina Leas-Chathaoirleach Idirnáisiúnta ar Chumann George Russell in 2023. Toghadh é ina Chathaoirleach ar Chumann AE i mí Iúil 2024.

Réamonn Ó Ciaráin: Is é Réamonn Ó Ciaráin Príomhfheidhmeannach Gael Linn. Eagras fiontraíoch atá in Gael Linn a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn mar theanga bheo agus mar léiriú féiniúlachta ar fud na hÉireann. Rugadh agus tógadh Réamonn i gCrois Mhic Lionnáin, Co. Ard Mhacha. Bhain sé céim san Oideachas agus sa Léann Cheilteach amach i gColáiste Ollscoile Mhuire, Béal Feirste, maille le MA sa Léann Éireannach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, agus MA sa Bhainistíocht Chultúrtha in Ollscoil Uladh. Scríobh sé trí leabhar a bhfuil Cú Chulainn mar phríomhábhar iontu mar aon le haltanna in iliomad foilseachán. Comhbhunaitheoir agus Ball Boird rialta ar Aonach Mhacha, Cultúrlann úr i gCathair Ard Mhacha, atá ann agus bhíodh sé ina Chathaoirleach ar An tUltach, irisleabhar Chomhaltas Uladh, roimhe seo.