COVID-19 agus Clár Cúrsaí Oideas Gael

Is maith an scéal go bhfuil Éire i ndiaidh teacht slán ó phaindéim COVID-19. Sa bhliain 2022, d’éirigh le hOideas Gael clár iomlán cúrsaí Gaeltachta a chur ar fáil. Déanfaidh muid athbhreithniú ar ár gcuid polasaithe agus nósanna go luath sa bhliain 2023 ar aon dul leis an treoir sláinte phoiblí is moille.

Tá breis eolais ar an leathanach seo a chuideoidh leat agus do chuid pleananna á ndéanamh agat. Tá an t-eolas seo ag brath ar threoir sláinte Rialtas na hÉireann agus d’fhéadfadh sé athrú má thagann athrú ar na cúinsí sláinte phoiblí. I dtaca leis na beartais atá i bhfeidhm i láthair na huaire, iarrtar ort aird a thabhairt ar an treoir thíos:

  • Is fearr cosc ná leigheas agus, dá bhrí sin, iarrtar ar gach rannpháirtí ar chúrsa tástáil antaigine a dhéanamh ar an lá ar a dtagann, nó ar an lá sula dtagann, siad go dtí ionad an chúrsa. Ba chóir d’aon duine a fhaigheann toradh dearfach ar an tástáil, nó a bhfuil comharthaí den ghalar COVID-19 orthu, fanacht sa bhaile.
  • Moltar do rannpháirithe tástáil a dhéanamh orthu féin i rith sheachtain an chúrsa fosta, chun teacht roimh scaipeadh an víris. Is féidir tástálacha a cheannach ar phraghas réasúnta ón Siopa Gaeilge nó is féidir do chuid tástálacha féin a bhreith leat.
  • Tá deireadh anois leis an riachtanas dlíthiúil chun clúdach aghaidhe a chaitheamh i ngach spás poiblí. Mar sin féin, molann Oideas Gael go láidir dá chuid rannpháirtithe masc a chaitheamh i seomraí laistigh, go háirithe sa seomra ranga, chun an baol go scaipfear an víreas a laghdú.
  • Is gá cloí le treoir sláinte Rialtas na hÉireann i dtaca leis an leithlisiú sa chás go bhfaigheann tú toradh dearfach ar thástáil COVID-19 le linn duit a bheith ag freastal ar chúrsa (amharc na nascanna ar an leathanach seo).

Taisteal go hÉirinn as tíortha thar lear

Ní iarrtar ar dhaoine atá ag taisteal isteach go hÉirinn cruthúnas ar vacsaíniú nó ar thástáil dhiúltach COVID-19 a chur ar fáil a thuilleadh. Ní gá Foirm Aimsithe Paisinéara a líonadh isteach anois ach oiread. Tá deireadh leis na riachantaisí taistil breise ar fad a bhí ann mar gheall ar an choróinvíreas. Mar sin féin, molann muid i gcónaí an Chomhairle Taistil is déanaí ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann a bhaineann leis an tír ina bhfuil cónaí ort a léamh roimh thaisteal duit (tá nasc ar an leathanach seo).