TITLE: Training for Inclusion in Territorial Language Education

Tá lúcháir ar Oideas Gael a bheith rannpháirteach sa ghréasán Eorpach seo atá dírithe ar theagasc ionchuimsitheach mionteangacha a chur chun cinn. Tá an tionscadal á chomh-mhaoiniú ag an Clár Erasmus+ de chuid an Aontais Eorpaigh.

Achoimre ar an tionscadal

Is tionscadal é EUROPE OF LANGUAGES NETWORK: TEACHER TRAINNING FOR INCLUSION THROUGH MINORITY LANGUAGES a bhfuil sé mar aidhm aige rialtaisí áitiúla, institiúidí cultúrtha, eagrais óige, agus lárionaid oideachais san Eoraip a nascadh le chéile. Táthar ag súil le mionteangacha a chumasú i dtaca le cúrsaí oideachais agus teicneolaíochta chun córais ilteangacha a éascú agus chun go mbeidh acmhainní nuálaíocha digiteacha cuí ar fáil do mhúinteoirí scoile.

Bainfear seo amach trí ACMHAINNÍ OSCAILTE OIDEACHAIS (OER) DO MHÚINTEOIRÍ IARBHUNSCOILE AG PLÉ LE MIONTEANACHA (ar fáil sa Bhosca Uirlisí ar shuíomh TITLE) a chruthú a chuideoidh le múinteoirí a oiliúint agus iad a chumasú le modhanna múinte 3.0 a chur i bhfeidhm ina seomra ranga trí mheán na mionteanga.

Cruthófar torthaí follasacha eile de thairbhe an tionscadail, go háirithe CÚRSA DO MHÚINTEOIRÍ I dTACA LE MIONTEANACHA A CHUR I bhFEIDHM MAR LINGUA FRANCA. Sainchúrsa é seo do mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile i leith modheolaíochtaí nuálaíocha a úsáid, ina bhfuil mionteanga a réigiúin féin lárnach iontu, ar mhaithe le hionchuimsitheacht a chothú agus spriocanna foghlama na ndaltaí a bhaint amach. Sa bhreis air sin, forbrófar POBAL FÍORÚIL MÚINTEOIRÍ AR SON CUMASÚ DIGITEACH MIONTEANACHA SAN OIDEACHAS IARBHUNSCOILE, spás comhoibritheach ar líne a ceapadh ar son agus le treoir múinteoirí iarbhunscoile i réigiúin a bhfuil mionteangacha i gceist iontu.